Cad í Scéim Shóisialta na Tuaithe?
Cuirtear ioncam forlíontach ar fáil trí Scéim Shóisialta na Tuaithe d’fheirmeoirí ar ioncam íseal agus d’iascairí nach mbíonn ábalta ar a mbeatha a shaothrú go leordhóthanach.
Chun cáiliú don scéim, ní foláir íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith á fáil agat. Mar chúiteamh air seo, soláthraíonn na daoine a ghlacann páirt sa scéim seirbhísí a théann chun tairbhe do phobail na tuaithe.
Oibríonn tú ar feadh 19.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine. Tá na huaireanta seo bunaithe ar sceideal atá áisiúil don fheirmeoir/iascaire. Tá sé seo amhlaidh chun a chinntiú nach gcuirfidh do rannpháirtíocht sa scéim isteach ar d’fheirmeoireacht/iascaireacht.
Má fhaigheann tú áit ar an scéim, tairgfear conradh duit i leith tréimhse ó do dháta tosaigh go dtí an 31 Márta ina dhiaidh sin. Is féidir go mbreithneofar thú i dtaca le tréimhse bhreise i ndiaidh an chéad chonartha, má chomhlíonann tú fós critéir uile na scéime.
Thuilleadh eolas anseo Scéim sóisialta tuaithe agus eolas anseo
What is the rural Social Scheme?
The Rural Social Scheme (RSS) is aimed at low-income farmers and fishermen/women. To qualify for the RSS you must be getting a social welfare payment. In return, people participating in the RSS provide services that benefit rural communities.
The Department of Social Protection (DSP) has overall responsibility for policy in relation to the Rural Social Scheme, including eligibility criteria. The Department monitors the implementation of the RSS and supports the various bodies that manage the RSS locally. The Department may also inspect any Scheme and visit projects. At a local level, the Scheme is managed by implementing bodies such as local development companies and in the Gaeltacht areas, by Údarás na Gaeltachta.
More information here