Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.

Folúntas Bainisteora

Tá Bainisteoir á lorg ag Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo. chun dul i mbun cúraimí forbartha i gceantar feidhme an chomharchumainn.

Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo. go lánaimseartha agus lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn.

An Post:

  • Riaradh a dhéanamh ar obair an Chomharchumainn.
  • Dul i gcomhairle leis na scairshealbhóirí maidir le forbairt tograí pobail.
  • Déileáil le heagraíochtaí áitiúla pobail agus Stáit.
  • Tionscnaimh áitiúla a chomhordú agus a bhainistiú.
  • Plé le forbairtí / tograí pobail atá ar siúl sa cheantar.
  • Réimse na pleanála teanga agus cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar mar chuid lárnach don bpost.
  • Plean gníomhaíochta 5 mbliana an chomharchumainn a fheidhmiú.
  • Riaradh agus bainistiú a dhéanamh ar sheirbhísí cúram leanaí.
  • Riaradh a dhéanamh ar sheirbhísí sóisialta.

Cáilíochtaí / Riachtanais:

  •    Duine le taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó don earnáil pobail / dheonach atá á lorg.
  •    Bheadh cáilíocht tríú leibhéal in ábhar gnó / forbairt pobail ina bhuntáiste.
  •    Taithí bainistíochta 2 bhliain.
  •    Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge, scríofa agus labhartha.
  •    Ní mór go mbeadh scileanna riaracháin, cumarsáid, idirphearsanta agus ríomhaireachta ag an té a cheapfar.
  •    Taithí ar bhainistiú agus riaradh buiséid / deontais / airgead riachtanach.
  •    Tá Ceadúnas glan tiomána riachtanach.

Íocfar tuarastal idir €45,000-€50,000 ag brath ar thaithí agus cáilíochtaí.

 

Seoltar iarratais mar aon le CV roimh an Aoine 19 Aibreán 2024 chuig:

An Cathaoirleach, Halla Le Chéile, Bréanainn, Trá Lí,

Co Chiarraí nó eolas chuig eolas@cflt.ie   breis eolais : 066 7138137

 

Is fostóir comhionannais é CFLT Teo.