Menu

Comhlacas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe

mappa liostaCeanneagraíocht atá ag feidhmiú ar son na bPobal Gaeltachta ar fud na hÉireann. Ag obair le chéile chun an saol sóisialta agus eacnamaíochta i gceantair thuaithe agus ar oileáin Ghaeltachta a neartú is a chothú.
Is bratghrúpa é Comhlachas na gComharchumainn & na gComhlachtaí Pobalbhunaithe do Chomharchumainn Forbartha agus comhlachtaí pobal bunaithe.
Bhí an bratghrúpa seo bunaithe chun diriú isteach ar an saol sóisialta agus eacnamaíochta a neartú agus a chothú i gceantair thuaithe agus ar oileáin Ghaeltachta a bhíonn ag obair le chéile agus ag iarraidh a bheith ag obair chun na ceantair éagsúla seo a láidriú.
Tá ós cionn 30 grúpa páirteach sa ngrúpa seo le Comhlachas na gComharchumainn & na gComhlachtaí Pobalbhunaithe.
Bíonn cruinnithe againn chun deis a thabhairt teacht le chéile chun nithe a phlé eadrainn a bhíonn le déanamh ó thaobh polasaithe dhó agus foinsí deontaisí, stocáireacht srl.
Tá dúshláin mhóra amach romhainn mar bhratghrúpa chun na Comharchumainn & CCPB a neartú agus a láidriú.

Féach isteach ar an suiomh idirlín www.ccpb.ie i gcoir thuilleadh eolas.http://www.ccpb.ie/