Prófíl an Cheantair
Tá an réigiún lonnaithe go príomha i nGleann na hAbhann Móire, gleann atá clúdaithe ag portach, locha agus an Abhainn Mhór. Tá an gleann ar imeall iarthar Chnoc Bhréanainn, cnoc a scarann leithinis Chorca Dhuibhne idir thuaidh agus theas. Tá réigiún Chnoc Bhréanainn clúdaithe le beanna de thailte garbha agus tá an bhinn is airde 952 méadar ar airde. Tá 40 km de chladaigh ag síneadh le cósta atá ar ardchaighdeán ó thaobh glaineachta de.
Is é baile An Daingin an baile is cóngaraí (15 km) agus tá baile Thrá Lí timpeall 40 km ón áit.
Is í an turasóireacht an príomhthionscal atá sa cheantar. Tá roinnt seirbhísí ar fáil sa cheantar ar nós siopa pobail, bácús, tithe tábhairne, lóistíní leaba agus bricfeasta agus tithe ósta. Tá Séipéal Naomh Breandán lonnaithe sa Chlochán, chomh maith le Beairic na nGárdaí. Cuireann Scoil Náisiúnta an Chlocháin bun-oideachas trí mheán na Gaeilge at fáil do leanaí an cheantair. Tá an Meán Scoil áitiúil lonnaithe i gCaisleán Ghraire atá lasmuigh don nGaeltacht.
Tá roinnt den phobal i mbun feirmeoireachta agus iascaireachta – ar bhonn páirtaimseartha den chuid is mó. Tá formhór na seirbhísí agus an fhostaíocht sa Daingean nó i dTrá Lí.
Aithnítear go bhfuil gá le forbairt a dhéanamh ar áiseanna agus ar sheirbhísí breise don phobal iomlán. Tá riachtanais chomh maith le réimse leathan forbairtí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn, forbairtí a bheidh díríthe ar chaighdeán maireachtála na háite a ardú trí dheiseanna fostaíochta a chur ar fáil, feabhas a chur ar sheirbhísí, forbairt ar bhonneagar agus ar acmhainní nádúrtha an cheantair.
Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo, mar chomharchumann forbartha pobail sa bhliain 1972 agus é mar phríomhaidhm forbairt a dhéanamh ar acmhainní an cheantair agus cur chun cinn cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha. Tá páirt lárnach ghníomhach glactha ag an gComharchumann i bhforbairt iomlán an cheantair ó shin i leith agus aithnítear é go forleathan mar imreoir tábhachtach forbartha.
Tá sé mar aidhm ag an gComharchumann deiseanna fostaíochta agus traenála a chur ar fáil: seirbhísí, infrastruchtúr agus áiseanna a fhorbairt, an Ghaeilge a neartú mar theanga labhartha an phobail, tograí a aimsiú agus a fhorbairt a thiocfaidh chun leasa eacnamaíochta agus sóisialta an cheantair.
Tá moltaí forbartha déanta i leith na réimsí forbartha seo leanas sa phlean oibre 2006-2010;
- Forbairt suíomh an Chlocháin mar lárionad turasóireachta agus fiontraíochta.
- Forbairt tionscal na turasóireachta:
- An Abhainn Mhór
- Branda margaíochta don cheantar.
- Forbairt saoráidí mara ag Cé Bhreanainn.
- Bonneagar a fhorbairt:
- Plean Teanga.
- áiseanna Spóirt & Caitheamh Aimsire.
- Scéim Tithíochta do Dhaoine Scoth-Aosta.
- Oideachas & Oiliúint.
- Seirbhísí do dhaoine scothaosta.
- Stair, seandálaíocht agus oidhreacht an cheantair a chaomhnú.
Cuireann an Comharchumann réimse seirbhisí ar fáil a dheanann freastail ar riachtanais mhuintir na háite agus cuairteoirí. Aithníonn an Comharchumann an ról tábhachtach atá le glacadh acu i bhforbairt iomlán an cheantair sna blianta amach romhainn agus an gá atá le pleanáil cheart a dhéanamh chuige sin. Aithnítear chomh maith go bhfuil sé riachtanach go mbeadh na heagrais fhorbartha éagsúla lárnach sa phróiseas forbartha agus go mbeadh páirtnéireacht ghníomhach i bhfeidhm.