Seol isteach i ndomhan iascaireachta an Leith Triúigh

Seolfaidh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh leabhrán eolais ar an iascaireacht i bpobail an Chlocháin agus an Leith Triúigh.
Leabhrán dátheangach ar stair thionscail na hiascaireachta sa Leith Triúigh ó bhéala ár muintire é seo:
mar eolas do phobal na dúiche agus dár gcairde i gcéin
mar chaomhnú ar eolas, ar oidhreacht agus ar thionscal tábhachtach ár muintire lá dá raibh.
Táimid fíorbhuíoch do gach éinne a thacaigh leis an bhfoilseachán seo, go hairithe, na hiascairí áitiúla a dhein agallaimh linn, agus le Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúila ar Iascach dá dtacaíocht siúd.

Ní hamháin gur iarracht an foilseachán seo ar ár n-oidhreacht luachmhar a chaomhnú, ach tá scéalta úra, suimiúla ná fuil cloiste cheana a dtabhairt chun solais ann.

Beidh fáilte gheal an Leith Triúigh romhat go seoladh an leabhráin ar an 3ú lá Samhain i Halla Le Chéile ar 7.30i.n.

Oíche cheiliúrtha le ceol is spraoi a bheidh ann.
Bígí linn, le bhur dtoil!

http://<iframe width=”480″ height=”270″ src=”https://www.youtube.com/embed/ZQB8b9S93Yk” frameborder=”0″ allowfullscreen></iframe>