Féile Sléibhteoireachta agus Ceoil Clochán Bréanainn 11.04.20 – 13.04.20.

Is eispéireas faoi leith é a bheith ag seasamh in airde ar cheann des na sléibhte is airde in Eirinn ach mar chuid do Féile Sléibhteoireachta & Ceoil Clochán Bréanainn is aisling ina steillebheatha é! Reáchtáiltear an fhéile sléibhteoireachta iontach seo gach bliain i sliabhraon Cnoc Bhréanainn.

Bíonn siúlóidí ar fáil don teaghlach go léir. Tugann an fhéile sléibhteoireachta deis do choisithe le taithí, siúl ar Chnoc Bhréanainn agus ar na sléibhte mórthimpeall An Chonair. Beidh siúlóidí measartha ar fáil ón Sás, áit mórthaibhseach, go Srón Bhroin agus barr An Chonair.

Ná déan dearmad ar an siúlóid “Mindfulness” ar siúl le saineolaí. Má tá suim agat i siúlóidí deas suamhneach is é sin an tsiúlóid duitse!

Seo sampla na siúlóidí na bliana seo chaite:

Dé Sathairn 20.04.2019
Siúlóid Deacair:  An Chonair/ Cnapán Mór/ Coill Mhór. Clárú ar 8:30 r.n. Fágaint ar 9:30 r.n.
Siúlóid Measartha:   Siúlóid Sás.  Clárú 9:30 r.n.  Fágaint  10:30 r.n.
Siúlóid Éasca: An Clochán go dtí An Grotto.  Clárú 10:30 r.n.  Fágaint  11:30 r.n.

Siúlóid “Mindfulness”: le John Cummins. Clárú 1:00 i.n. Fágaint  2:00 i.n.

Dé Domhnaigh 21.04.2019
Siúlóid Deacair: Cnoc Bhréanainn.   Clárú 8:30 r.n. Fágaint  9:30 r.n.
Siúlóidí Measartha:  Loch Croichte.  Clárú 9:30 r.n. Fágaint 10:30 r.n.
Siúlóid Éasca: Siúl An Síog, An Clochán. (Fiach ubh na Cásca) Clárú 12:00 i.n.

Dé Luain 22.04.2019
Siúlóid Seandálaíocht: Loch a ‘Dúin: Clárú 9:30 Fágaint  10:30

Cén fáth ar cheart duit filleadh ar an bhfhéile seo? Geobhaidh coisithe, clanna agus daoine le
dúil acu sa cheol seans sliabhraon Cnoc Bhréanainn a fheisicint, chomh maith leis an fiadhúlra, an cultúr agus an seandálaíocht áitiúil. Leis sin, beidh coisithe ábalta an Ghaeilge a chleachtadh sa Ghaeltacht agus thar aon rud eile ard-chraic a bheith acu le muintir an cheantair agus na turasóirí! 47652986801_152cfb3369_o  Mount-Brandon-1  Faha Grotto  Mount-Brandon Poster


Options