Happy group of young students studying together in a college lib

Fáilte go Coláiste Gaeilge an Leith-Triúigh

colaiste gaeilge as gaeilge 2018

Halla Le Chéile Bréanainn 16ú – 20ú Iúl 2018

Ar mhaith leat féin agus led chlann saoire neamh-ghnáthach a chaitheamh i mbliana i gCorca Dhuibhne i n-iarthar Ciarraí? Tá Comharchumann Forbartha an Leith-Triúigh ag cuir cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine óga agus fásta, agus beidh siad ag freastal ar gach uile leibhéal cumais sa teanga.
Tá cúrsaí á gcur ar fáil le fada an lá anseo agus i mbliana reachtáilfear an cúrsa idir an 16ú agus an 20ú Iúl 2018. Bíonn deis ag na daltaí Gaeilge a chleachtadh, a fhorbairt agus a fheabhsú trí ranganna agus imeachtaí laethúla.
I mbliana, tabharfar seans do dhaltaí ard-taitneamh a bhaint as maireachtaint sa Ghaeltacht trí taispeántais chócaireachta ón Dingle Cookery School, turasanna mara ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Duántacht Bhréanainn, ceol traidisiúnta sa Tinteán Ceoil áitiúil agus cnocadóireacht is seandálaíochta i ngleann fíor-álainn Loch a’ Dúin .

Áit le fanacht? Anseo

Chun tuilleadh eolais d’fháil ar sheachtain den scoth i gClochán Bhréanainn, glaoigh ar Chaitríona ag 066 7138137.

Options



https://www.youtube.com/watch?v=LGaYql0-le0