An Alley

An Chúirt

Ag lorg caitheamh aimsire nua chun do chorpacmhainn a ardú? Tá cúirt liathróid láimhe lonnaithe i Halla Le Chéile, áit is féidir liathróid raicéid agus liathróid láimhe a imirt.  Deirtear gur cabhraíonn  liathróid láimhe go mór le scileanna meabhrach agus chun an sláinte a fheabhsú. Tá an áis iontach seo ar fáil do gach duine atá mar bhall don Chumann 500.

Tá Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh ag súil le ceardlanna scileanna a chur ar fáil do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta i 2016.  Beidh breis eolais ar fáil go luath.

Tá traidisiún láidir sa duiche seo, Clochán Bréanainn, i dtaobh imreoirí liathróid raicéid.  Má tá suim agat breis eolais d’fháil i dtaobh na rialacha agus conas a bheith páirteach ar bhonn náisiunta, lean an nasc seo, www.gaahandball.ie.

Chun breis eolais d’fháil i dtaobh úsáid na cúirte, dein tragmháil linn ar 066 7138137 nó eolas@cflt.ie

 

An Alley